Style Guide Irish (ga)

Brollach

Rinneamar na cinntí seo thíos agus muid ag cur Gaeilge shoiléir ar chomhéadain Mozilla, GMail, LibreOffice, Twitter, agus táirgí eile. Cé go mbíonn cúiseanna le gach rogha a rinneamar (ceal spáis nó leanúnachas ceisteanna le freagraí), fearaimid fáilte roimh aiseolas nó ceisteanna i gcónaí. Is fiú cuimhneamh go mbítear ag logánú meáin fhíor-éagsúla agus logánú ar bun agat, is é sin le rá, go mbítear ag iarraidh go dtiocfaidh suíomh gréasáin le comhéadan bogearra i gcomhthéacsanna áirithe, ach i gcomhthéacsanna eile ní bhíonn sa logánú ach aistriúchán ar chaint mhargaíochta an Idirlín. Bhí cúis mhaith le gach cinneadh a rinneadh, maith nó olc, ceart nó mícheart.

Tá eagarthóireacht shíoraí ar bun le deimhniú go bhfuil gach cuid de na comhéadain seo cruinn intuigthe agus go bhfuil leanúnachas sna roghanna teanga nuair is féidir.

An tAlt

Leantar, den chuid is mó, a bhfuil leagtha amach i gCaibidil 7 de Ghraiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí, mar gheall ar an alt. Nuair atá tú ag caint ar líon nó thacar cinnte de rud éigin, is minice an t-alt a bheith in úsáid sa Ghaeilge; beag beann ar an mBéarla.

  • “Screen size” = “Méid an scáileáin”
  • “Leave Group” = “Fág an Grúpa”
  • “Restore session” = “Athchóirigh an seisiún”
  • “The latest technologies” = “Na teicneolaíochtaí is déanaí”*

Aithnítear go n-úsáidtear an focal “teicneolaíocht” go cinnte agus go héiginnte.

Úsáidtear an t-alt agus sinn ag scríobh faoi choincheapa teibí nuair atá brí fhorleathan go maith acu e.g. an fhearg, an mhaith, an pobal, etc. agus:

  • “…a ndéanann tú ar an nGréasán.”
  • “Tabhair an t-iomlán chun tosaigh”
  • “Deaschliceáil nó tarraing anuas chun an stair a thaispeáint”

I liosta tíortha, baintear úsáid as an alt: “An Fhrainc”, “An Ghearmáin”, srl.

Ní úsáidtear an t-alt i liosta teangacha: “Fraincis, Gearmáinis, Spáinnis, …”

Úsáidtear an t-alt in ionad na haidiachtaí sealbhaí freisin, nuair is cuí.

Msh: “To get the most out of your browser” = “Leis an tairbhe is mó a bhaint as an mbrabhsálaí” nó “A webpage is slowing down your browser.” = “Tá leathanach Gréasáin ag cur moill ar an mbrabhsálaí.”

Caveat: Cuimhnigh gur comhéadan é seo a bhfuil spás teoranta aige ar an scáileán. Beidh cásanna ina mbeifeá ag súil leis an alt ach go bhfágtar ar lár é ar na cúiseanna seo a bhaineann le húsáid an chomhéadain. D’fhéadfadh rud cinnte amháin a bheith ann nó rudaí iomadúla a bheith i gceist, fágtar an t-alt ar lár sna cásanna seo de ghnáth. Nuair nach n-oireann sé don chomhéadan ó thaobh spáis de, fágtar an t-alt ar lár anois is arís. I gcás cnaipe, mar shampla.

  • “Please select the file(s) to attach” = “Roghnaigh comha(i)d le ceangal”

seachas “Roghnaigh an comhad/na comhaid atá le ceangal”, rud nach mbeadh spás dó.

  • “illegal character(s) in public id” = “carachta(i)r neamhcheadaithe san aitheantas poiblí”

Ceannlitreacha

De ghnáth, leanaimid an stíl sa mbuntéacs:

  • “Root Only” = “Forúsáideoir Amháin”
  • “Character Encoding” = “Ionchódú Carachtar”

ach ní úsáidtear litir mhór leis an alt, le réamhfhocail, srl.:

  • “System Settings” = “Socruithe an Chórais”
  • “About Service Workers” = “Maidir le hOibrithe Seirbhíse”

Iolraí agus Uimhreacha

Nuair a bhraitheann teachtaireacht ar uimhir, mar shampla “%d documents”, is minic gur féidir aistriúcháin éagsúla a thabhairt; tá cúig chás againn sa Ghaeilge:

  • %d = 1, “%d documents” = “%d cháipéis”
  • %d = 2, “%d documents” = “%d cháipéis”
  • %d = 3,4,5,6, “%d documents” = “%d cháipéis”
  • %d = 7,8,9,10, “%d documents” = “%d gcáipéis”
  • %d > 10, “%d documents” = “%d cáipéis”

Mura bhfuil idirnáisiúnú cuí déanta ar an mBéarla sa chaoi seo, ní féidir an claochlú tosaigh a leanann na bunuimhreacha a thuar. Leis seo, fágtar an t-ainmfhocal san ainmneach lom de ghnáth.

  • “%d documents” = “%d cáipéis”

Giorrúcháin

Ní chuirtear Gaeilge ar an bhformhór de ghiorrúcháin an Bhéarla:

  • Ní aistrítear giorrúcháin, msh: RSS, HTML, XML, USB, ASCII, UTF-8, CPU, srl.
  • Glactar le SAM (USA), RA (UK), agus corrcheann seanbhunaithe mar é.

Ní úsáidtear “is” in ionad “agus” sna comhéadain, ná leaganacha giorraithe d’fhocal ar bith a bhfuil baint acu le canúint ar leith..

OK

Úsáidtear “OK” ar chnaipí agus i gcláir amháin, aistrítear go Gaeilge “ok” nó “okay” i gcás abairtí.

Amparsan

Is minic a fheictear & (“and”) i mbuntéacs Béarla: “Decrypt & Save”, “Time & Date”, “Security & Privacy”. B’fhearr linn an carachtar Unicode ⁊, ach níl sé ar fáil i ngach clófhoireann. Mar sin, úsáidimid “agus” mar aistriúchán ar &.

  • “Headers & Footers” = “Ceanntásca agus Buntásca”
  • “Security & Privacy” = “Slándáil agus Príobháideachas”

Aicearraí

Féach go gcaomhnaítear gach amparsan sna cásanna seo. Úsáidtear an t-amparsan chun aicearra a roghnú. Nuair nach mbíonn spás idir an t-amparsan agus an litir atá sa lorg air, áirítear an litir sin mar aicearra don rogha sin sa chlár nó sa phreabfhuinneog.

  • &Check for Updates = &Lorg nuashonraithe
  • &Apply Update… = &Cuir nuashonrú i bhfeidhm…

Uaschamóg

Úsáidimid an uaschamóg ASCII síos tríd, mar sin: “B’fhéidir”, seachas “B’fhéidir”.

Ceisteanna:

Más féidir, úsáidimid struchtúr “An bhfuil…” nó “An bhfuil fonn ort…” mar aistriúchán ar cheisteanna toisc gur minic nach féidir aistriúcháin speisialta a thabhairt ar na freagraí, mar shampla más cnaipí Yes/No iad. Leis seo, cuirtear “Tá/Níl” ar na cnaipí faoi na ceisteanna sin i gcónaí. Seo roinnt samplaí:

“Would you like to…/Do you want to…” = “An bhfuil fonn ort…”

“Are you sure you want to…” = “An bhfuil tú cinnte gur mhaith leat…”

“Delete this file?” = “An bhfuil fonn ort an comhad seo a scriosadh?”

“Really delete this file?” = “An bhfuil tú cinnte gur mhaith leat an comhad seo a scriosadh?”

Canúintí

Déantar iarracht an leagan is neodraí a roghnú i gcónaí, ó thaobh na gcanúintí de.

Mar shampla:

  • “Freisin” a roghnaítear seachas “chomh maith” nó “fosta” nó “leis”
  • “Faoi” a roghnaítear seachas “fé” nó “fá”

Cé gur nós le canúint(í) áirithe focail iasachta a shéimhiú nó a urú; ní dhéantar sin ar leithéidí “Mozilla”, ná “Firefox”, ná eile sna comhéadain seo.

Santaítear do chanúint ar leith i gcásanna teicniúla i gcónaí, sa chaoi go mbeidh feidhm theicniúil na teachtaireachta soiléir leanúnach agus de réir a chéile síos tríd.

  • View = Amharc (seachas “radharc”)
  • Preview = Réamhamharc (seachas “réamhradharc”)

Dea-bhéasa an Bhéarla:

Ní chuirtear “le do thoil” ná “le bhur dtoil” leis na haistriúcháin Ghaeilge.

  • “please try again later” = “bain triail eile as ar ball”
  • “Please enter a new name” = “Cuir ainm nua isteach”

Den chuid is mó, meastar gur fearr aistriúchán ar “sorry” a sheachaint go hiomlán:

  • “Sorry, that folder name is in use” = “Tá an t-ainm sin in úsáid ar fhillteán cheana”
  • “Sorry, connection timed out” = “Ceangal imithe thar am”

Agus tuin chainte sách spraíúil in úsáid sa Bhéarla, déantar aistriúchán ar an intriacht:

  • “Uh-oh! Unable to submit your request” = “Ochón! Níorbh fhéidir d’iarratas a sheoladh”
  • “Whoops! Be sure to enter a valid email address.” = “Úps! Bí cinnte gur chuir tú seoladh ríomhphoist bailí isteach.”

Úsáid mheafarach / chorparáideach “We”:

Úsáidtear an briathar saor sna cásanna seo.

  • “We are unable to send a verification mail at this time” =

“Ní rabhthas ábalta an ríomhphost deimhnithe a sheoladh”

Agus le rangabháil chaite i mBéarla a aistriú:

  • “Screen configuration has changed.” = “Athraíodh cumraíocht an scáileáin”
  • “Screen saver started” = “Tosaíodh an spárálaí scáileáin”

Ainmneacha na dTáirgí:

Ní aistrítear ná infhilltear ainmneacha dílse, mar shampla: Mozilla, Firefox, Adobe Reader, Open Office, Becky! Internet Mail, agus mar sin de.

Ceadúnas / Téacs Dlí:

Ní aistrítear aon téacs a bhfuil brí dhlí leis: ceadúnais, conarthaí, téarmaí seirbhíse, srl.

Ainm briathartha:

Úsáidtear na struchtúir seo chun obair nó próiseáil atá idir lámha ag an ríomhaire a chur in iúl:

  • “Loading inbox…” = “Bosca isteach á lódáil…”
  • “Loading…” = “Á lódáil…”
  • “Error saving file” = “Earráid agus an comhad á shábháil”
  • “Error loading library” = “Earráid agus an leabharlann á lódáil”

Caighdeán Oifigiúil: Gramadach agus litriú

Déanaimid iarracht cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil, ó thaobh gramadaí agus litrithe de. Toisc gur minic go ndéantar aistriúchán i mbrabhsálaí, molaimid an litreoir GaelSpell a shuiteáil mar bhreiseán le Firefox agus obair logánaithe ar bun agat. Ní cheartóidh sé seo mílitrithe go huathoibríoch, ach cuideoidh sé leat mílitrithe a cheartú.

Ní raibh sé praiticiúil chuile fhocal, chomhfhocal agus téarma a chur le GaelSpell ar chúiseanna éagsúla, mar sin, má tú cinnte go bhfuil dul amú ar aon earráid a aimsíonn GaelSpell moltar deaschliceáil ar an earráid agus “Cuir leis an bhFoclóir é” a roghnú.

Gluais

Den chuid is mó, leanaimid na téarmaí oifigiúla atá ar fáil ar tearma.ie agus na múnlaí comhaimseartha atá ar fáil ar focloir.ie; ach is gá idirdhealú sa bhreis a dhéanamh, anois is arís, i gcásanna áirithe.